Ní fhéadfaí a rá gur scannán beathaisnéise é, toisc go bhfuil níos mó cruthaíocht ann ná ábhar stairiúil. Ar an taobh eile, seans nach píosa tuairimíochta é ach an oiread: is deacair a shamhlú go dtacaíonn an stiúrthóir – nó duine ar bith beo – leis an gcoilíneachas a léirítear sa scannán so. An locht is mó atá ann, dá bharr, ná nach féidir aidhm an scannáin a thuiscint in aon chor.

Cé gur dheacair a dhéanamh amach cad é go díreach a bhí ar intinn an stiúrthóra, níl aon amhras go bhfeictear drámaíocht den chéad scoth sa scannán so. Déarfainn go bhfuil duais de chineál éigin tuillte ag Judi Dench (an Bhanríon Victoria) as an obair den scoth a dhéin sí ann. Léiríonn sí banríon Shasana dobrónach, tuirseach, ag titim san aois, ach san am céanna níos daonna ná riamh.

Bunaíodh an scannán (go páirteach) ar an leabhar Victoria & Abdul: The True Story of the Queen’s Closest Confident, ag Shrabani Basu. Ar thaobh amháin den scéal, is fíor é go ndeachaigh Abdul Karim (Ali Fazal) agus a chara Mohammed (Adeel Akhtar) go dtí Londain chun duais Indiach a bhronnadh ar an mBanríon mar gheall ar a hIubhaile. Is fíor é chomh maith gur éirigh Victoria agus Abdul cairdiúil de réir a chéile agus d’fhan sé ar a taobh go deireadh, mar mhúinteoir Urdu, comhairleoir agus cara. Ar an taobh eile den scéal, áfach, is deacair a chreidiúint go raibh Abdul an fhíorshaoil chomh haineolach agus chomh géilliúil is a léirítear sa scannán: pógann sé bróga na banríona agus tugann sé neamhaird iomlán ar Mohammed i Londain, fiú nuair a imíonn sé ar shlí na fírinne. Cuireann sé sin amhras ar na lucht féachana: an ea go dtacaíonn Abdul le coilíneachas? Seans, go stairiúil, go raibh sé sásta cabhrú leis an mBanríon agus cur suas leis an gciníochas mórthimpeall air ar chúis eacnamaíoch: go leor airgid a bhailiú agus saol níos fearr a thabhairt dá chlann in India. Ach ní hé sin a fheictear sa scannán in aon chor. Feictear Abdul umhal, géilliúil sa scáileán, beagnach ina sclábhaí.

Is deacair a rá an cháineadh nó ómós don ciníochas atá i gceist ansan, agus dár ndóigh chuir an t-amhras sin isteach ar go leor léirmheastóirí cheana féin. Is dóigh liom féin nár éirigh leis an stiúrthóir teachtaireacht shoiléir a chur trasna leis an scéal, ach cé is moite de sin, feicim cruinneas stairiúil de chineál éigint ar an slí a réitíonn na carachtair le chéile. Tá aineolas caolchúiseach le feiceáil ar aghaidh na banríona nuair a bhíonn Abdul ag labhairt léi fé dímheas agus ciníochas san India, mar gheall ar arm Shasana. Creidim sin. Is minic a bhíonn daoine geala ardaicmeacha dall dá leithéid sin mar gheall ar phribhléid – feictear é sa lá atá inniu ann freisin, ó thaobh polaiteoirí de. Thar aon rud eile, áfach, is éard is mó a chuir meangadh gáire orm le linn an scannáin so ná cé chomh daonna is atá an drámaíocht: i ndeireadh na dála, níl i Victoria ach seanbhan chráite nár éirigh léi cairdeas ceart a bheith aici le héinne dá teaghlach féin. Fuair sí comhluadar Indiach agus ar deireadh ba chuma léi fé aicme nó cine dá bharr. Chuir Abdul gliondar thar n-ais ar a croí, agus sin an príomhchúis nach raibh eagla uirthi roimh an strainséar so nó a chultúr eachtrannach – eagla a fheictear, áfach, ar na daoine geala eile go léir sa scannán.

Ar iomlán, scannán inchreidte go leor é so, cé is moite den gcruthaíocht ar fad sa scéal. Is mór is fiú féachaint air, má dhíríonn tú níos mó ar na mothúcháin ná an stair.

Natália Uí Fhaoláin

Advertisements