Scannán beo-aicsin é so ar an mbeochan Beauty and the Beast (1991), a dhein Disney mar athinsint ar an bhfinscéal dárb ainm céanna. Is léir an ceangail idir an dá scannán, ó thaobh íomhá na gcarachtair, fuaimrian, agus dár ndóigh an chríoch shona. Scéal rómánsach ceolmhar é so a chuirfeadh ag taisteal ar ais in am thú le huaigneas… nó, más páiste thú sa lá atá inniu ann, is cinnte go gcuirfeadh sé gliondar i do chroí.

An chéad rud a thugtar fé ndeara sa scannán so ná: cé chomh díograsach is a bhí an stiúrthóir ag athchruthú radharcanna – agus ceol – na beochana 1991 ionas go mbeadh siad chomh dílis agus is féidir leis an chéad scannán. Go deimhin, is do-dhéanta gan cuimhniú siar ar scéal Belle agus a gúna gorm simplí, ag canadh timpeall an bhaile bídeach ina bhfuil cónaí uirthi, fé cé chomh bréan is atá sí de “shaol tuaithe”. Níl aon athrú sa bplota, rud a bhí déanta d’aon ghnó leis an gcuspóir sin thuasluaite. Tagann Belle ar chaisleán an ainmhí agus í ar thóir ar a hathair trasna na foraoise, agus glacann an ainmhí léi mar phríosúnaí ina áit. Le himeacht na haimsire, áfach, faigheann sí amach gur prionsa fé dhraíocht é an ainmhí i ndáiríre, ach ní bhrisfear an draíocht mura bhfuil sé in ann teacht ar fíor-ghrá.

Cé go bhfuil radharcanna áirithe sa scannán so iontach taitneamhach – mar shampla, an t-amhrán Be Our Guest, ina chuireann troscáin an chaisleáin dinnéar ar fáil do Belle agus déantar ceolchoirm mór millteach as an ócáid – is annamh go bhfuil an aird ar fad ar an príomhcharachtar sna radharcanna san. Ní mhothaítear an draíocht céanna nuair atá Belle lárnach sa scáileán, fiú i radharc an chéad rince leis an aimhí! Só d’aineoinn an t-atmaisféar taitneamhach cruthaithe ag na héifeachtaí speisialta, an ceol, agus na carachtair eile timpeall uirthi – gach rud beagnach foirfe – níl drámaíocht Emma Watson thar moladh beirte mar Belle. Tá díomá léirithe ag an-chuid leantóirí lena cuid drámaíocht leadránach le déanaí, agus anuas air sin, deirtear go bhfuil simpliú iomarcach déanta ar a gúna buí íocónach. Bhí sé i bhfad níos galánta sa mbeochan 1991 go deimhin!

Ar an taobh eile den scéal, áfach, caifear aitheantas a thabhairt do Luke Evans, a dhéanann an namhad Gaston sa scannán. Ní fhéadfadh leis bheith níos foirfe don ról sin, agus is ar éigean a chreidtear go bhfuil sé ina amadán naircisíoch i ndáiríre. Is fiú féachaint ar an scannán so mar gheall ar an gcarachtar san amháin!

by Natalia Ui Fhailain

4/5

Advertisements