Scannán álainn, greannmhar agus taitneamhach do na páistí é Finding Dory, le meafar fiúntach ann faoi sláinte intinne gur féidir le daoine fásta tairbhe abhaint as chomh maith.

Tosaíonn an scannán seo le tagairt ghonta ar shaol Dory nuair a bhí sí ina páiste, agus céard a tharla léi ar Finding Nemo (2003) tar éis di bualadh lena cairde Marlin agus Nemo. D’aineoinn sin, is féidir scéal an éisc Dory a thuiscint gFinding Dory Turtle(MoviesAtEzine)an an chéad scannán a bheith feicthe agat cheana más duine de lucht féachanna óige thú. Tá béim i bhfad níos mó ar rudaí ar nós grá theaghlaigh agus feasacht ar mhíchumas sa scannán ná ar an ord croineolaíoch an scéil féin. Pléitear na ceisteanna seo go magúil sa scéal, le hacmhainn grinn cliste agus píosa teannais ann chomh maith.

Finding Dory

Sa scannán seo, ní hé Nemo atá in easnamh, ach teaghlach Dory. Tagann na cuimhní urthi go mall de réir a chéile agus cuireann sé sin fonn uirthi dul ar thóir ar a tuismitheoirí a bhí fágtha taobh thiar di tráth dá raibh. Ní coimhlint ba chúis leis, ach rud éigin níos dáiríre: níl Dory ábalta cuimhniú ar rudaí go gearrthéarmach riamh, agus dá bharr sin creideann sí go bhfuil an bhealach abhaile dearúdta aici leis na blianta fada nuair a bhí sí an-óg ar fad. Téann sí trasna na farraige i gcomhluadar lena cairde, ar eachtra chun a háit cónaithe a aimsiú arís, agus is ansan a dhéanann sí cúpla cairde nua ar nós ochtapas leithleach, an éan Becky, agus an míol Destiny a mhúin an teanga “míol” do Dory tráth dá raibh.

Finding Dory

Is beochan álainn é gan amhras, a dhéanann aithrise ar an aigéin ar bhealach suntasach fáilteach ar nós dá mbeadh tú ag tumadh go domhain ann in éineacht leis na gcarachtair. Tá na héisc agus créatúir na mara eile chomh héagsúil ó chéile gur féidir smaoineamh ar dhaoine daonna nuair a bhreathnaítear orthu – tá blas éagsúil sa chaint acu de réir a spéiceas agus pearsantacht. Is píosa siamsaíochta é Finding Dory do gach aoisghrúpa, lán le haicsean, greann agus ceachtanna.

5/5

Natalia Danzmann

Advertisements