Tá nós ath-léirmhíniú á chruthú ag Disney fé láthair: scannáin a athscríobh bunaithe ar a scannáin beochana féin – rinneadh Maleficent mar ath-léirmhíniú ar The Sleeping Beauty (1959), agus an bhliain seo, The Jungle Book, bunaithe ar The Jungle Book (1967). Is suntasach an chosúlacht atá ann idir an Mowgli léirithe ag Neel Sethi sa scannán nua seo, agus Mowgli sa bheochan óna 60aidí. Ní hamháin go mbreathnaíonn siad cosúil le chéile, ach rinne Sethi sár-jab leis an drámaíocht féin. Tá an scannán seo mar leagan nua den scéal an bhuachaill óg a bhí uchtaithe ag mic tíre agus curtha i mbaol ag an tiogar olc Shere Khan, ach gan a bheith ró-dhifriúil ón dearcadh an chéad scannáin ag an am céanna. Feictear cúpla athruithe sa leagan seo, mar shampla carachtair baininscneacha: an mac tíre Raksha (Lupita Nyong’o) agus an nathair Kaa (Scarlett Johansson), i gcomparáid leis an scannán óna 60aidí a bhí foireann 100% firinscneach air.

The Jungle Book

Scannán dírithe ar pháistí é seo, ach is féidir le daoine fásta an-chuid sult a bhaint as na meafair fé cairdeas, dílseacht agus idirdhealú sa scéal. Do bhain Disney tairbhe as na éifeachtaí speisialta is déanaí chun atmaisféar draíochtúil a chruthú sa scannán, agus is deacair na ainmhithe digiteacha sin a idirdhealú ó fíor-ainmhithe in aon chor. Scannán fantaisíochta é The Jungle Book, agus dá bharr níl sé soiléir cá bhfuil an dhufair sin i ndáiríre, le hainmhithe ón Afraic agus ó Mheiriceá Theas ann san am céanna (ar nós an nathair anaconda) – ach níl aon tábhacht ar mhiniúcháin dá leithéid sa seánra seo fé leith ar aon nós. Cuirtear béim ar na ceachtanna fé cuimsiú agus obair foirne sa scannán seo ar bhealach taitneamhach, lán le haicsean agus beagáinín Fisic do na lucht féachanna óga.

The Jungle Book

Pléann an scannán le coincheap na cumhachta freisin, ar bhealach níos sóiléire ná sa bheochan óna 60aidí. Tá eagla ar na ainmhithe ar fad roimh an tine – “an bláth dearg” – mar níl éinne eile seachas na daoine daonna in ann é a úsáid agus a chur fé smacht. Agus dár ndóigh, maraíonn an tine gach rud ina bhealach. Ag an am céanna, tá níos mó meas ná eagla ar an Rí Louie na Moncaithe roimh an tine: thug sé fé ndeara gur féidir an tine “scanrúil” sin a úsáid chun smacht a chur ar na ainmhithe ar fad, agus dá bharr deir sé le Mowgli an tine a thabhairt dó mar íocaíocht ar an “gcosaint” pearsanta. Is meafar é sin don caimiléireacht pholaitiúla, dár ndóigh.

The Jungle Book

Ar iomlán, baineann an scannán seo feidhm as drámaíocht agus éifeachtaí speisialta le chéile ar bhealach dochreidte éifeachtach. Is ar éigean a chreidtear go bhfuil an domhain sin fíor, agus léirítear na carachtair ón leabhair de chuid Rudyard Kipling gan stró. Molaimse é go hard sa spéir, do gach aoisghrúpa mar an gcéanna.

5/5

Times & Tickets

Advertisements