Ar dtús báire, níl sé éasca an scannán a thuiscint gan eolas a bheith agat fé cúlra Batman agus cúlra Superman chomh maith céanna. Dá bharr, cé go bhfuil an scannán seo oiriúnach do pháistí os cionn 13 d’aois, d’fhéadfadh leis an scéal sa gcúlra bheith doiléir dóibh siúd atá ag féachaint ar na sár-laochra seo den chéad uair riamh. Tosaíonn an scannán le radharc na reilige nuair a bhí tuismitheoirí Batman curtha ann, agus díreach i ndiaidh san, feictear radharc eile leis an lá a tháinig Superman “ón spéir”. I rith an dá radharc san, chuireadh béim ar na drochrudaí a tharla mar thoradh ar an dá ócáid, ionas go mbeadh atmaisféar dorcha le héiginnteacht ann an scannán ar fad: an droch-dhaoine iad Superman agus Batman i ndáiríre?

Batman v Superman

Ag an am céanna, molaim an bhealach a phléitear le coincheap an “laoch” mar bhagairt agus beannacht in aon carachtair amháin, ach tá amhras orm fén bhealach a bhí sé déanta sa scannán seo fé leith. Cuirtear béim ar an chéad uair a tháinig Superman ar an domhain seo mar chúis le timpist mór agus fadhbanna do dhaoine neamhchiontacha, agus dá bharr sin creideann an-chuid daoine go bhfuil Superman ciontach as an sceimhlitheoireacht a bhí déanta le déanaí, i ndáiríre, ag a namhaid – Lex Luthor. Ní dhéanann sé sin ciall mar gheall ar an méid a tharla cheana féin roimh an scannán seo: bhí muinín ag formhór daoine as Superman i gcónaí, agus dá mbeadh an méid sin amhras ann, ba cheart don amhras teacht orthu i bhfad níos luaithe san amlíne. Sin ráite, tuigim an eagla roimh an iomarca cumhacht a thabhairt do dhuine amháin – seachas nach duine é Superman, tháinig sé ó phlainéad eile.

Batman v Superman

Ó thaobh Batman de, d’fhéadfá “halo” a chur air ag tús an scannáin mar fíor-laoch atá ag iarraidh fadhb Superman a réitiú agus an chumhacht a bhaint uaidh – fiú mura n-aontaíonn gach duine le Batman ach oiread agus a bhealach foréigneach, cruálach le bearta a ghlacadh ar son an cirt. Ach ag deireadh na scannáin, nuair a bhfeictear cé chomh holc is atá Lex Luthor i ndáiríre tar éis dó ollphéist a chruthú, tagann droch-chuma ar Batman mar dhuine daonna a dhéanann botúin. Bhí dul amú air fé Superman, agus tosaíonn sé ag troid ar a shon.

Batman v Superman

Go ginearálta, is scannán iontach spraoiúil é seo, lán leis na héifeachtaí speisialta den chéad scoth agus rannpháirtíocht bheag Wonder Woman chomh maith (sa gcogadh deireanach in aghaidh an ollphéist Lex Luthor). Aisteoirí maithe iad ar fad a bhí páirteach ann, go háirithe Jesse Eisenberg ag déanamh an namhaid Lex Luthor le drámaíocht fíor-chliste – craiceáilte go leor gan a bheith ró-áiféiseach. Seans maith go dtaitneoidh sé leis an bpobal mór cé is moite de na botúin sa scéal.

Advertisements