Tá Spotlight ainmnithe do sé ghradam Oscar, ina measc Best Picture agus gan dabht is é an scannán reatha is tábhachtaí sna pictiúrlanna faoi láthair.  Leanann an dráma scanrúil seo foireann iriseoirí imscrúdaithe ag an Boston Globe, a nochtadh sa bhliain 2001, mí-úsáid gnéasach páistí agus an síor-cheilt a bhí á dhéanamh laistigh den Eaglais Chaitliceach ar an mhí-úsáid sin.

Spotlight

Léiriú is ea an scannán seo de chuid Tom McCarthy, ar chumhacht tubaisteach an bhréagnú, ar chonas a lean an mhí-úsáid ar aghaidh cé go bhfuil an cuma ar an scéal go raibh cur amach ag pobal uilig Bhoston uirthi.  Cuireann sé i gcuimhne duit “nach mar a shíltear a bítear”.

Ag tús an scannáin i 1976 osclaíonn sé i stáisiún na bpóilíní i mBoston, chímid máthair agus a cuid páistí ar imríodh cos ar bolg orthu. Is soiléar go bhfuil na póiliní traochta den scéal agus nach féidir leo mórán a dhéanamh.  Cuireann an Eaglais an chiontóir go deoise eile go rúnda.  Mar is eol do chách tarlaíonn an rud céanna i gcás na mílte eile.

Spotlight

Nuair a thagann bainisteoir nua go dtí an Boston Globe, iarann sé ar an fhoireann iriseoireoireachta chun féachaint isteach sa scéal seo.  Nuair a bhíonn siad ar an mbealach is minic a chuirtear dea-oibreacha na hEaglaise ar son an phobail uile i gcuimhne dóibh.  Cuirtear ina luí orthu gan ligean do bhithiúnach amháin obair na hEaglaise  go léir a mhilleadh.  Meon intinne é seo a léirítear ó cheann ceann an scannáin.

Ní éiríonn leo cothrom na Féinne a fháil go dtí go gcuireann an Boston Globe an scéal i gcló i 2002.  Tá scéalta na marthanóirí a insítear sa scannán tragóideach ach faraoir is sceálta iad seo atá inste arís agus arís eile.  Ag tabhairt cruthúnais do thábhacht an scannáin seo, tuairiscítear sa Metro gur tháinig níos mó marthanóirí chun cinn chun a gcuid sceálta a nochtadh ó d’oscail Spotlight.

Spotlight

Cuireann foireann cáiliúil na n-aisteoirí, ina measc Michael Keaton, Liev Schreiber, Mark Ruffalo agus Rachel McAdams beocht réalaíoch sa scannán seo.  Tugann Ruffalo, ag glacadh páirt an iriseora Mike Rezendes, léiriú fíor-chumhachtach agus lasánta dúinn.  Léiriú a thuill ainmniú mar Best Supporting Actor dó. Tá Rachel McAdams, a ghlacann ról Sacha Pfeiffer, iriseoir imscrúdaitheach, ainmnithe do Oscar freisin.

Spotlight

Tar éis dóibh féachaint ar Spotlight ba léir go raibh an lucht féachana trína chéile.  Bhí sé seo le braith ón slua a bhí ciúnaithe mar is caoi agus iad ag fágáil na pictiúrlainne fad is a bhí na teidil ag rolladh agus na soilse á lasadh.

Ní minic go dtéann scannán í bhfeidhm ar daoine comh mór sin orthu.  Molaim é.

10/10

Advertisements